Harvard Celtic Colloquium 2009

Philip O’ Leary, Professor of English at Boston College will deliver his paper ‘Gaelic Gumshoes and Gunslingers: The early work of Cathal O Sandair’ at the 29th Harvard Celtic Colloquium on October 9th next in Cambridge, Massachusetts.

Writing of the English-born Cathal Ó Sándair (1922-1996) in 1949, “H. Ó S.” declared that “he has done more to awaken a love of the language in the hearts of the young during the short period he has been writing than all of the ministers and teachers of the Twenty-Six Counties have done since the State was founded.” By far the most prolific and best-selling writer of Irish in the history of the language, over a career that spanned four decades Ó Sándair wrote detective stories, cowboy yarns, outer space fantasies, swashbuckling pirate tales, and edifying boarding-school stories. This paper will discuss his early efforts as a writer of what he himself called “thrillers,” featuring his crime-fighting hero Réics Carló, and of stories set in the Wild West, asking why his work found such an immediate and enthusiastic welcome from young readers in the Ireland of the 1940s. – Colloquium Programme

Professor Philip O’Leary

‘Gaelic Gumshoes and Gunslingers’

Harvard Celtic Colloquium 29

October 9th, 2009

Summary of Lecture:

1) Tá an Gúm ag freastal ar phobal nach bhfuil ann maidir le go leor dá gcuid foillseachán. Má caithfear cúl a chur ar chuid acú seo le freastal ar phobal atá ann, ní bheifear ag déanamh éagcóra ar aoinne.

2) Bíodh sé de shólás breise aige go ndearn sé níos mó chun grá don teangain do mhuscailt i gcroí na n-óg le linn na tréimhse gairide ina raibh sé ag scríobh ná mar a rinne airí uile agus oidí scoile uile na Sé gContae Fichead ó bunaíodh an Stát.

3) Níl an t-aistriúchán is fearr le cur i gcomparáid le leabhar cumtha agus scríobhtha insan máthair-theangan agus tá sin le feicsint go soiléir insan leabhar so.

4) Ba chóir go mbéadh ráthairt mhór ar an leabhar go h-áirithe ó bhuachaillí scoile agus ó dhaoine a bhfuil dúil sa scéal uathbháis aca.

5) Sórt eile samhluíochta ar fad atá a dhíth ar scríobhnóir an chineál litríochta seo, an tsamhluíocht a chumas eachtraí agus cora agus casaidheacha sa scéal. Tá Cathal Ó Sándair go fíor-mhaith chuige seo go fiú go dtí mion-innistí gléasraí céasta a cheapadh.

6) Tá ádhbhar machtnamha ins na trí sgéalta ‘Na Mairbh a d’Fill,’ ‘An tEiteallán Dofheicthe,’ ‘An Corpán sa Trunc’ – go h-áirid sa gceann deiridh seo. Má’s buachaill nó cailín thú atá a’ brionglóideadh faoi phost sa stát-sheirbhís, léigh leat. Má’s duine thú a bhfuil spéis agat i gcúrsaí poilitidheachta, léigh leat mar a chéile. Tá an sgéal ar fheabhas, ó thaoibh eachtraí agus ó thaoibh feallsamhnachta dhe.

7) A’ dhul i bhfeabhas atá Cathal Ó Sándair, ó thaoibh sgríbhneoireachta de agus ó thaoibh an ádhbhair de. Is fearr fós leagan amach an sgéil seo – an cur síos ar shráideanna Bhaile Átha Cliath go h-áirid – ná leagan amach na sgéalta a chum sé roimhe seo.

8) Níor mhaith leis bheith ceangailte. B’fhearr leis go mór cásanna casta, do-thuigthe a phiocadh amach, mar bheadh seans aige annsan an staidéar dian a dhein sé agus an t-eolus iongantach a bí aige a úsáid – agus is mó uair a bhí gádh le n-a chlisteacht go léir chun cuirpthigh do chuardach agus iad a thabhairt suas do phionós an dlighe.

9) Cé go raibh sé cliste – d’admhuigh gach duine é sin – do thuig sé nach raibh sé oll-chómhachtach. Do thárla, go mion minic i rith a chuid lorgaireachta, gur theip glan air i dtosach ceisteanna achrannacha a réidhteach. Ní raibh sgáth ar bith air é sin a admháil. Ach leanadh sé ar aghaidh go cródha agus go foighneach i gcómhnuidhe, agus do bhíodh toradh ar a chuid saothair sa deire.

10) Buadhann fórsaí na maitheasa ar fhórsaí an uilc, agus go ndíreagheann sé grádh agus laochas an léightheóra ar a thír féin – nidh anathábhachtach agus nidh a bhíos in easnamh ar fhurmhór scéalta Béarla den chineál céadna. Is cuma linn fá’n scéal – dá dhochreidte é – ach na saintréithe san do bheith ann . . . Ach má táimid-ne le maireachtaint mar náisiún ar leith caithfimíd adhbhar éadtrom don tsaghas seo do chumadh agus do shníomhadh thart fá n-ár muintir féin agus dearcadh náisiúnta i leith na tíre seo do bheith ionnta.

11) Támuid chun Éire a smachtú le cabhair an Eitealláin Do-Fheicthe ó Thig Móire go Donnchadh Dí. Déanfaimid Bannc na h-Éireann, Dáíl Éireann, an Phost-Oifig Gheinearálta agus áiteachta eile a shéideadh san aer le pléasgáin. Millfimíd bealaighe taistil na príomh-chathrach. Stopfaimíd an gléas rialtais go léir . . . Annsan leigfimíd do’n rialtas atá ag tabhairt páighe dhúinn teacht isteach ’san tír seo chun í a ghabháil.

12) Cheap muinntir Bhaile Átha Cliath go raibh a seal tugtha. Ach an raibh eagla ortha? Is ortha nach raibh! . . . An spioraid chéadna a nochtadh imeasg óglach na Cásca ins an bhliain 1916, do nochtadh í arís imeasg an phobail go léir.

13) Má leanann an rud ar aghaidh fé mar atá, deirim-se leat go mbeidh an tír ina raic. Ní bheimíd ábalta an córus rialacháin a choimeád ar siubhal. Cuirfear stop le gach tionnscal atá againn. Fiú amháin an talmhuidheacht, tá an dream malluighthe seo ag cur a ladhar isteach innti . . . Caithfear stop a chur leis. Muna ndeintear san, beidh stad na tíre chomh dona san, sar i bhfad, go mbeidh sé ar chumas aon náisiúin gur mian leo é, teacht isteach agus sinn-ne a chur fé smacht.

14) Ní airgead atá ag teastáil uatha – ach comhacht – comhacht chun an tír seo a mhilleadh i dtreo is go mbeidh ceann de Chomhachtaibh móra an domhain ábalta teacht annso agus Éire a smachtú. .

15) Bhí an tsaoirse fé réim in Éirinn. Ní raibh eagla ar na daoine roimh aoinne. Bhí meas ag duine ar a chomhursan ach bhí meas aige air féin chomh maith. Agus níor fheac sé an ghlún ach do Dhia na Glóire. Níor thuig Randa Dal meon an ndaoine seo nár unhlaigh dó. Bhí taithighe aige ó n-a óige ar chomhacht a bheith aige agus ar dhaoine a bheith fé n-a stiúir aige. Agus b’fhuath leis an chine bhródúil seo.

16) Is mór is bród liom lámh a chrathadh leat . . . Beidh an Éigipt agus an domhan uile buíoch díot.

17) Is é gaisce scribhneoireachta Chathail Ui Shándair an gniomh aonair pinn is éachtai i stair an úrscéil Ghaeilge. Ní thagann aon scríbhneoir eile úrscéalta i ngiorracht tobair dúigh dó ó thaobh toirte, iomadúlachta nó raidhse a shaothair.