Panu Petteri Höglund

Tháining an sliocht seo chugainn ó pheann Panu Petteri Höglund, Finnish scholar of sociolinguistics and other literary matters. Check out his blog, Seo Panu ag labhairt  - http://gaeilgepanu.blogs.ie/category/ireland/

Tábhacht Chathail Uí Shándair

le Panu Petteri Höglund

An chéad uair a casadh ainm Uí Shándair orm ní raibh ionam ach foghlaimeoir óg ar bheagán Gaeilge, agus ní raibh de lón léitheoireachta sa teanga agam ach “Feasta”, iris Chonradh na Gaeilge.

D’fhoilsigh an iris alt le Cathal Ó Sándair, nó bloghanna as a leabhar nótaí ab fhearr a rá, agus ós eagrán Iúil den iris a bhí ann, is éard a bhí sna nótaí ná teilgeanacha éagsúile cainte a raibh baint acu le Mí Iúil. Shílfeá go raibh an scríbhneoir ag iarraidh na tagairtí uile a léarscáiliú a dhéanfadh an cainteoir dúchais don mhí sin ina chuid Gaeilge.

Chuaigh an t-alt sin go mór i bhfeidhm orm mar léiriú ar mhodhanna oibre an scríbhneora. Ní raibh a fhios agam san am cén cineál leabhartha a scríobhadh Cathal Ó Sándair, ach pé scéal é ba ábhar adhartha agus aithrise é an dóigh a ndearna sé staidéar ar chleachtais chainte na Gaeltachta. Bhí mé féin riamh den bharúil gur chóir don scríbhneoir nach cainteoir dúchais é féin an urraim chuí a thabhairt do Ghaeilge na Gaeltachta agus leas a bhaint as an mbéaloideas agus as saothar na scríbhneoirí Gaeltachta le teacht chomh cóngarach d’fhíordhúchas na teanga.

Tá a priacal féin ag baint le tóraíocht seo an dúchais, áfach. An té a bhfuil na mílte focal agus leaganacha cainte ar coipeadh ar a theanga, teastóidh uaidh iad go léir a mhúineadh don léitheoir. Mar sin, cuirfidh sé a chuid scríbhinní ó mhaith le róbhriathrachas. Is iomaí sampla de seo a chonacthas i litríocht na Gaeilge i rith na mblianta.

Ní luaim ainmneacha, nó is leor a rá go raibh an galar seo orm féin nuair a chuaigh mé i mbun pinn sa Ghaeilge an chéad uair riamh. Bhí mé tar éis an-staidéar a dhéanamh ar shaothar Shéamuis Uí Ghrianna, agus mé fonnmhar a thaispeáint chomh dílis is a bhí mé don mháistir seo.

Ar an drochuair, tá an chuid is mó de shaothar Chathail Uí Shándair as cló inniu. Mar sin féin, nuair a fuair mé an dá úrscéal deireanacha faoi Réics Carló ó mo dhíoltóir leabhar in Éirinn, bhain siad stangadh asam. Bhí a fhios agam an taighde príobháideach a rinne Mac Uí Shándair ar Ghaeilge na Gaeltachta, agus mar sin, dá dtogródh sé, go mbeadh sé in ann róbhriathachas den chineál a luaigh mé a chleachtadh.

Níor thogair, áfach. Bhí an teanga, an stíl, ina leathbhádóir ag na himeachtaí, agus sin a raibh ann. D’úsáideadh sé focail nuachumtha ó lucht na téarmaíochta i mBaile Átha Cliath agus teilgeanacha cainte ón nGaeltacht de réir an riachtanais, agus ní chuireadh sé an scéal, an insint, ó mhaith le cabaireacht.

Sin é an tuige go bhfuil an oiread sin measa agam ar Chathal Ó Sándair mar scríbhneoir. Is fíor nach raibh sé ag scríobh scéalta duibheagánta domhainsmaointiúla le fuil a chroí, ach is cuma. Scríbhneoir proifisiúnta, ceardaí oilte sciliúil a bhí ann go smior, agus é in ann daoine óga a mhealladh i dtreo na Gaeilge. Má táimid dáiríre faoi athbheochan na teanga, is é Cathal Ó Sándair an cineál scríbhneora is mó a theastóidh uainn feasta – scríbhneoir a bhfuil urraim don teanga agus bua chun scéalaíochta aige